07 December 2023

Rosary Prayers in Irish Gaelic



Sign of the Cross

I n-ainm an athar, agus an mhic, agus an sprid naoimh, áiméin.

Apostles Creed

Creidim i nDia, an tAthair Uilechumhachtach, Cruthaitheoir Nimhe agus Talún, agus i nÍosa Críost a Aonmhac san ár dTiarna, do gabhadh ón Spriod Naomh, do rugadh ó Mhuire ógh, d'fhulaig páis fé Phointeas Píolóid, do céasadh ar an gcrois, fuair bás agus d'adhlacadh, chuaigh síos go hifreann, d'aiséirigh an treas lá ó mhairbhe, chuaigh suas ar neamh, tá ina shuí ar dheasláimh Dé an tAthair Uilechumhachtach, as san tiocfaidh ag tabhairt bhreithiúntais ar bheo is ar mhairbh. Creidim sa Spriod Naomh, sa naomh-Eaglais Chaitliceach, i gComaoine na Naomh, i Maithiúnachas na bPeacaí, i nAiséirí na Colla, is sa Bheatha Shíoraí. áiméin.

Our Father

Ár nAthair, atá ar neamh, go naomhaítear t'ainm, go dtaga do ríocht, go ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh. Ár n-arán laethúil tabhair dhúinn inniu, agus maith dhúinn ár gcionta mar a mhaithimíd do chách, agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ó olc. áiméin.

Hail Mary

Sé do bheatha, a Mhuire, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat. Is beannaithe thú idir na mná agus is beannaithe toradh do bhroinne, Íosa. A Naomh-Mhuire, a Mháthair Dé, guigh orainn na peacaigh,anois agus ar uair ár mbáis. áiméin.

Glory Be

Glóire don Athair is don Mhac is don Spriod Naomh, mar a bhí ar dtúis, mar atá fós, is mar a bheidh trí shaol na saol. áiméin.

Oh My Jesus

Ó a Íosa, maith dhúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thine ifrinn, agus stiúir anam gach n-aon go flaithis Dé, go háirithe iad súd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire. áiméin.

Hail Holy Queen

Go mbeannaíthear duit, a Bhanríon Naofa, a Mháthair na Trócaire, go mbeannaíthear duit, is tu ár mbeatha, ár mílseacht is ár ndóchas. Is ort-sa a screadaimíd, clann bhocht dhíbeartha Éabha, is chughat-sa suas a chuirimíd ár n-osnaithe, ag caoineadh is ag gol sa ghleann so na ndeor. Iompaigh orainn, dá bhrí sin, a Choimirce, a chaomh-uasail, do shúile atá lán de thrua, is nuair a bheidh deireadh lenár n-íobairt ar an saol so, tabhair radharc dúinn ar thoradh do bhroinne, Íosa, a Mhaighdean Mhuire ró-thrócaireach, ró-ghrámhar, ró-mhilis. Guigh orainn a naomh-Mháthair Dé, ionas gur fiú sinn gealltanais Chríost a fháil. áiméin.

Final Prayer

A Athair Shíoraí, gur cheannaigh t'Aonmhac dúinn, lena bheatha, lena bhás, is lena aiséirí, aoibhneas síoraí na bhFlaitheas, tabhair dúinn, achnaímíd ort, do ghrásta, ionas ag machnamh dúinn ar na mistéiribh seo na Corónach Mhuire, go dtiocfadh linn do thoil naofa a dhéanamh agus an t-aoibhneas síoraí sin do shroisint, trí Íosa Críost ár dTiarna. áiméin.

No comments:

Post a Comment

Comments are subject to deletion if they are not germane. I have no problem with a bit of colourful language, but blasphemy or depraved profanity will not be allowed. Attacks on the Catholic Faith will not be tolerated. Comments will be deleted that are republican (Yanks! Note the lower case 'r'!), attacks on the legitimacy of Pope Francis as the Vicar of Christ (I know he's a material heretic and a Protector of Perverts, and I definitely want him gone yesterday! However, he is Pope, and I pray for him every day.), the legitimacy of the House of Windsor or of the claims of the Elder Line of the House of France, or attacks on the legitimacy of any of the currently ruling Houses of Europe.